lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Che: Cuid 1

(Che: part 1)

Stiúr: Steven Soderbergh
An Fhrainc / An Spáinn / SAM - 2008
126 nóiméad - Teastas: 12A
Is é an chéad rud atá le rá faoin éacht scannánaíochta seo de chuid Steven Soderbergh, léiritheoir scannán Meiriceánach, ná gur chóir dul ag féachaint air. Ba chóir freisin an dá chuid a fheiceáil in aon iarracht amháin; is ansin a thuigtear i gceart a fheabhas is atá an saothar seo.

Mura bhfeictí ach Cuid a hAon shílfí nach bhfuil ann ach léargas aisteach ar shaol duine; má fheictear an dá chuid chítear nach gnáthléargas ar shaol duine atá déanta ag Soderbergh.

Ar an gcéad dul síos, níor ghá dó gnáthléargas saoil a thabhairt mar is breá an léargas a thugann The Motorcycle Diaries le Walter Salles ar an gcaoi an ndeachaigh an fhulaingt agus an éagóir i gcionn ar dhochtúir ón Airgintín. Ar an dara dul síos, cé go bhfuil scannán Soderbergh bunaithe ar shaol Ernesto Guevara (Benicio Del Toro), ní hé sin bun agus barr an scéil, mar is scannán é seo a thugann spléachadh ar anachain na réabhlóide.

Tugann Cuid a hAon - a bhaineann leis an tréimhse idir 1955, nuair a bhuail Guevara le Fidel Castro (Demián Bichir) den chéad uair i gCathair Mheicsiceo, agus 1964, nuair a thug sé cuairt ar Nua-Eabhrac chun labhairt le tionól na Náisiún Aontaithe - spléachadh ar an bhfeachtas treallchogaíoch a bhí ar bhun ag buíon beag scaipthe réabhlóidithe i gcoinne an airm a bhí ag tacú le deachtóir Chúba, Batista. Agus an scannán ag féachaint siar agus chun tosaigh, tugtar léargas ar dhul chun cinn malltriallach ach dochreidte na dtreallchogaithe ón Sierra Maestra go bua éachtach in Santa Clara le plé (bunaithe ar óráidí agus ar scríbhinní Guevara) ar straitéis na réabhlóide, ó thaobh cleachtais agus teoirice de.

Buaiteoir – An tAisteoir is Fearr - Féile Scannán Cannes 2008