Dialogue avec mon jardinier (Conversations with my Gardener)
Stiúr: Jean Becker
An Fhrainc 2007
108 nóiméad - Teastas: Club
Fágann péintéir iomráiteach Páras le filleadh ar an sráidbhaile i lár na Fraince inar rugadh é breis is 50 bliain roimhe sin. Ó cailleadh a thuismitheoirí níl fonn dá laghad ar an bpéintéir gairdíní an tí a thindeáil agus níl scil aige chuige. Cuirtear ionadh air nuair a fhreagraíonn seanchara leis ón mbunscoil fógrán le haghaidh garraíodóra. Cothaítear cairdeas idir an bheirt fhear agus iad ag eachtraí ar imeachtaí a saoil. Is breá le fear na mórchathrach macántacht agus eolas an gharraíodóra ar an saol agus cuireann sé spéis athuair sa saol, sa ghrá agus i nglasraí agus i dtórraimh.
Is iontach an léiriú a dhéanann Jean Becker ar an scannán seo agus tugann sé deis bhrea aisteoireachta do bheirt aisteoirí iontacha na Fraince, Daniel Auteuil agus Jean-Pierre Darroussin, a thugann léargas chomh maith sin dúinn ar an gcaidreamh idir an garraíodóir agus an péintéir nach bhfuil dabht faoi ach go bhfuil sé ar cheann de na scannáin is fearr a rinneadh sa Fhrainc. - Féile Scannán Karlovy Vary 2007
(Che: part 1)
Stiúr: Steven Soderbergh
An Fhrainc / An Spáinn / SAM - 2008
126 nóiméad - Teastas: 12A
Is é an chéad rud atá le rá faoin éacht scannánaíochta seo de chuid Steven Soderbergh, léiritheoir scannán Meiriceánach, ná gur chóir dul ag féachaint air. Ba chóir freisin an dá chuid a fheiceáil in aon iarracht amháin; is ansin a thuigtear i gceart a fheabhas is atá an saothar seo.
Mura bhfeictí ach Cuid a hAon shílfí nach bhfuil ann ach léargas aisteach ar shaol duine; má fheictear an dá chuid chítear nach gnáthléargas ar shaol duine atá déanta ag Soderbergh.
Ar an gcéad dul síos, níor ghá dó gnáthléargas saoil a thabhairt mar is breá an léargas a thugann The Motorcycle Diaries le Walter Salles ar an gcaoi an ndeachaigh an fhulaingt agus an éagóir i gcionn ar dhochtúir ón Airgintín. Ar an dara dul síos, cé go bhfuil scannán Soderbergh bunaithe ar shaol Ernesto Guevara (Benicio Del Toro), ní hé sin bun agus barr an scéil, mar is scannán é seo a thugann spléachadh ar anachain na réabhlóide.
Tugann Cuid a hAon - a bhaineann leis an tréimhse idir 1955, nuair a bhuail Guevara le Fidel Castro (Demián Bichir) den chéad uair i gCathair Mheicsiceo, agus 1964, nuair a thug sé cuairt ar Nua-Eabhrac chun labhairt le tionól na Náisiún Aontaithe - spléachadh ar an bhfeachtas treallchogaíoch a bhí ar bhun ag buíon beag scaipthe réabhlóidithe i gcoinne an airm a bhí ag tacú le deachtóir Chúba, Batista. Agus an scannán ag féachaint siar agus chun tosaigh, tugtar léargas ar dhul chun cinn malltriallach ach dochreidte na dtreallchogaithe ón Sierra Maestra go bua éachtach in Santa Clara le plé (bunaithe ar óráidí agus ar scríbhinní Guevara) ar straitéis na réabhlóide, ó thaobh cleachtais agus teoirice de.
Buaiteoir – An tAisteoir is Fearr - Féile Scannán Cannes 2008