lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Scoth na Scannán Domhanda gach Déardaoin in Indreabhán

Covid 19. An t-eolas is déanaí
Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

 

Séasúr An Fhómhair 2020 Postaer ardtaifigh thumb

Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, a fhógairt.

De bharr Chovid 19 is gá do thicéad a cheannach anseo roimhré. Táimid ag súil go mór le tú a fheiceáil ag an gclub!

Taispeánfar scoth na scannán ó 'chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla 'chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir. Is ionad iontach é Seanscoil Sailearna le scáileán mór, suíocháin srathacha agus córas fuaime d’ardchaighdeán.

Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille € 35, a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille € 8 in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat.

Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:

  • 08 Deireadh Fómhair: Portrait of a Lady on Fire (An Fhrainc 2019)
  • 15 Deireadh Fómhair: Burning (An Chóiré Theas 2018)
  • 22 Deireadh Fómhair: Talking About Trees (An tSúdáin, Sead 2019)
  • 29 Deireadh Fómhair: Finky (Éire 2019)
  • 05 Samhain: The Truth (An Fhrainc, An tSeapáin 2019)
  • 12 Samhain: Monos (An Cholóim, An Airgintín 2019)
  • 19 Samhain: In the Aisles (An Ghearmáin 2018)
  • 26 Samhain: And Then We Danced (An tSualainn, An tSeoirsia 2019)
  • 03 Nollaig: Les Misérables (An Fhrainc 2019)
  • 10 Nollaig: Pain and Glory (An Spáinn 2019)

Taispeánfar an chéad scannán sa tSeanscoil ag 8.15i.n. ar an Déardaoin, 8 Deireadh Fómhair.