lean muid
Séásúr an Fhómhair 2020 / Autumn Season 2020
Séasúr an Fhómhair 2020 Ceannaigh Ticéid
 

Covid 19. An t-eolas is déanaí

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

(Juste la fin du monde)

It’s Only the End of the World thumb
Stiúr: Xavier Dolan
Ceanada, An Fhrainc 2016
97 nóiméad
Teastas: 15A
 

 

Filleann scríbhneoir ar an bhfód dúchais mar tá sé de rún aige inseacht dá mhuintir, nach bhfaca sé le dhá bhliain déag, go bhfuil sé ag fáil bháis. Níl mórán ligthe i ndearmad ag a ghaolta, faraor, agus ní fada go mbíonn sé ina réabadh eatarthu ar fad agus cinneann sé air a nuacht mhór a inseacht dóibh. Is scannán dorcha é It’s Only the End of the World agus díríonn enfant terrible na Fraince / Cheanada Xavier ar an teannas agus ar an gcoimhlint a scoilteann an chlann agus an lucht féachana araon.

Duais an Grand Jury ag Féile Scannán Cannes 2016

It’s Only the End of the World thumb
It’s Only the End of the World thumb
It’s Only the End of the World thumb