lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Séasúr an Earraigh 2018

Séasúr an Earraigh 2018 - Clár agus Postaer

Scoth na Scannán Domhanda gach Déardaoin in Indreabhán

ClubScannan Séasúr An Earraigh 2018 Postaer ardtaifigh thumb

Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, a fhógairt.

Taispeánfar scoth na scannán ó 'chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla 'chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir. Is ionad iontach é Seanscoil Sailearna le scáileán mór, suíocháin srathacha agus córas fuaime d’ardchaighdeán.

Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille € 35 (€ 30), a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille € 8 (€ 7) in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat.

Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:

  • 25 Eanáir: Marie Curie: The Courage of Knowledge (An Pholainn, An Fhrainc, An Ghearmáin 2016)
  • 01 Feabhra: Heartstone (An Íoslainn, An Danmhairg 2016)
  • 08 Feabhra: The Prince of Nothingwood (An Fhrainc, An Ghearmáin 2017)
  • 15 Feabhra: Human Flow (An Ghearmáin 2017)
  • 22 Feabhra: Murdair Mhám Trasna (Éire 2017)
  • 01 Márta: Back to Burgundy (An Fhrainc 2016)
  • 08 Márta: Insyriated (An Bheilg 2016)
  • 15 Márta: Rocky Ros Muc (Éire 2017)
  • 22 Márta: Loveless (An Rúis 2017)
  • 29 Márta: In Between (Iosrael, An Fhrainc 2016)
  • 05 Aibreán: Back to Burgundy (An Fhrainc 2016)

pdfClub Scannan Séasúr An Earraigh 2018 Postaer ardtaifigh9.0 MB

De bharr na drochaimsire bhí orainn an scannán, Back To Burgundy, a chur ar athló (1 Márta). Taispeánfar anois é ar an 5 Aibreán ag 8.15i.n.

Marie Curie: The Courage of Knowledge

(Marie Curie)

Marie Curie The Courage of Knowledge thumb
Stiúr: Marie Noëlle
An Pholainn, An Ghearmáin, An Fhrainc 2016
100 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Ba í Marie Curie, an fisiceoir agus an ceimiceoir, an chéad bhean a bronnadh an duais Nobel uirthi. Léiríonn an scannán seo faoi mar a throid sí chun aitheantas a fháil i réimse den saol a bhí faoi smacht iomlán na bhfear. Tosaíonn an scéal sa bhliain 1905 nuair a théann sí féin agus a fear, Pierre, go Stockholm chun léacht an Nobel a thabhairt agus léirítear mar a lean sí den obair nuair a cailleadh Pierre agus mar a ghnóthaigh sí an dara duais Nobel as a stuaim féin.

Marie Curie The Courage of Knowledge thumb
Marie Curie The Courage of Knowledge thumb
Marie Curie The Courage of Knowledge thumb

 

The Prince of Nothingwood

 

The Prince of Nothingwood thumb
Stiúr: Sonia Kronlund
An Fhrainc, An Ghearmáin 2017
85 nóiméad
Teastas: Le cinntiú
 

 

Is liosta le háireamh an méid scannán atá déanta ag an Afganastánach Salim Shaheen ach níl aithne mhór air lasmuigh den Mheánoirthear. É féin a chum an téarma Nothingwood, tá Hollywood ag na Meiriceánaigh, tá Bollywood ag muintir India ach níl tada san Afganastáin. Léargas geanúil, greannmhar atá sa gclár faisnéise seo ar an stiúrthóir croíúil, cáiliúil.

The Prince of Nothingwood thumb
The Prince of Nothingwood thumb
The Prince of Nothingwood thumb
The Prince of Nothingwood thumb
The Prince of Nothingwood thumb
The Prince of Nothingwood thumb

 

Heartstone

(Hjartasteinn)

Heartstone thumb
Stiúr: Gudmundur Arnar Gudmundsson
An Íoslainn, An Danmhairg 2016
129 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Tá an scéal seo suite i mbaile beag iascaireachta san Íoslainn. Beirt déagóirí atá mar phríomhcharachtair an scannáin seo: caitheann duine acu an samhradh ag rith i ndiaidh chailín ach is mó suime atá ag an té eile ina chomrádaí. Ach tagann deireadh leis an samhradh agus le laethanta geala na hóige agus tugann siad beirt aghaidh ar an ród atá rompu. An buanchairdeas idir beirt bhuachaillí agus iad ag teacht in inmhe is téama don scannán Heartstone.

Heartstone thumb
Heartstone thumb

 

Human Flow

 

Human Flow thumb
Stiúr: Ai Weiwei
An Ghearmáin 2017
140 nóiméad
Teastas: 12A
 

 

Gorta, athrú aeráide agus cúrsaí cogaíochta; is iad seo is cionsiocair leis an líon ard daoine a theith óna dtír féin agus atá anois easáitithe. 65 milliún ar fad atá ann, an líon is airde ó aimsir an dara Cogadh Domhanda. Sa scannán seo scrúdaíonn an t-ealaíontóir agus an gníomhaí Síneach, Ai Weiwei, géarchéim na dteifeach agus an tionchar pearsanta a imríonn sí ar an duine. In imeacht bliana leanann sé scéalta daoine a chuimsíonn 23 thír, an Afganastáin, an Fhrainc, an Ghréig, an Ghearmáin agus an Iaráic san áireamh.

HUMAN FLOW UK Quad Poster thumb
Human Flow thumb