lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Séasúr an Fhómhair 2017

Séasúr an Fhómhair 2017 - Clár agus Postaer

Scoth na Scannán Domhanda gach Déardaoin in Indreabhán

ClubScannan Seasur An Fhómhair 2017 Postaer ardtaifigh thumb

Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, a fhógairt.

Taispeánfar scoth na scannán ó 'chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla 'chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir. Is ionad iontach é Seanscoil Sailearna le scáileán mór, suíocháin srathacha agus córas fuaime d’ardchaighdeán.

Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille € 35 (€ 30), a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille € 8 (€ 7) in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat.

Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:

  • 28 Meán Fómhair: The Olive Tree (An Spáinn 2016)
  • 05 Deireadh Fómhair: The Odyssey (An Fhrainc, An Bheilg 2016)
  • 12 Deireadh Fómhair: Song of Granite (Éire 2017)
  • 19 Deireadh Fómhair: Graduation (An Romáin 2016)
  • 26 Deireadh Fómhair: Lion (An Astráil, An Ind 2016)
  • 02 Samhain: Land of Mine (An Danmhairg, An Ghearmáin 2015)
  • 09 Samhain: It’s Only the End of the World (Ceanada, An Fhrainc 2016)
  • 16 Samhain: Taispeántas Cumann na bhFlaitheartach
  • 23 Samhain: Silence (Stáit Aontaithe Mheiriceá, An Téaváin, An tSeapáin 2016)
  • 30 Samhain: Inversion (An Iaráin 2016)
  • 07 Nollaig: Scribe (An Bheilg, An Fhrainc 2016)

pdfClub Scannan Séasúr An Fhómhair 2017 Postaer ardtaifigh4.3 MB

The Olive Tree

(El olivo)

The Olive Tree 4 thumb
Stiúr: Iciar Bollain
An Spáinn 2016
100 nóiméad
Teastas: Le cinntiú
 

 

Scéal simplí faoin gcaoi a dtiteann clann amach le chéile atá sa scannán seo. Díolann feirmeoir seanchrann olóige a bhí ar thalamh a mhuintire le fada fíorach an lá agus, dar ndóigh, tarraingíonn sé seo achrann agus raic idir na gaolta ar fad. Tá a bhealach féin ag ‘chuile dhuine acu leis an tubaiste seo a chaoineadh. Tograíonn duine acu, cailín óg, dul á thóraíocht agus é a fháil ar ais ón gcomhlacht mór Gearmánach a cheannaigh é. Cé gur scéal simplí é seo, tá doimhneacht freisin ann sa gcaoi a léirítear nádúr an duine agus an tsochaí nua-aimseartha. Is scannán mealltach é seo a chuireann ina luí orainn gur tábhachtaí muintearas ná maoin agus is fiú go mór dul ag breathnú air.

The Olive Tree 1 thumb
The Olive Tree 2 thumb
The Olive Tree 3 thumb
The Olive Tree 5 thumb

 

Song of Granite

 

Song of Granite thumb
Stiúr: Pat Collins
Éire 2017
104 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Léiriú ealaíonta ar shaol an tsárfhonnadóra, Joe Éinniú, atá sa scannán seo. Amhránaí eisceachtúil agus fear domhain a bhí ann a ndeachaigh amhráin agus an seanchas an cheantair sceirdiúil, álainn as ar fáisceadh é, go mór i gcion air.

Song of Granite thumb
Song of Granite thumb
Song of Granite postaer

 

The Odyssey

(L’Odyssée)

The Odissey thumb
Stiúr: Jérôme Salle
An Fhrainc, An Bheilg 2016
123 nóiméad
Teastas: Club
 

 

1948. Tá an saol ar a thoil ag Jacques Cousteau agus tá teach álainn aige féin agus a bhean agus a gclann mhac suite ar chósta na Meánmhara. Ach tá sé meallta ag an domhan fothoinn agus anois, a bhuíochas do threalamh nua-aoiseach scuba a ligeann dó análú faoin uisce, tá tine ar a chraiceann agus is fada leis go rachaidh sé ag fánaíocht faoin bhfarraige. Ach beidh air an téiléireacht a íoc. Faoi dheireadh thiar thall, tá scannán déanta de shaol eachtrúil an taiscéalaí farraige.

The Odissey thumb
The Odissey thumb
The Odissey thumb

 

Graduation

(Bacalaureat)

Graduation thumb
Stiúr: Cristian Mungiu
An Romáin 2016
128 nóiméad
Teastas: Le cinntiú
 

 

Agus í ar tí scrúdú tábhachtach a sheasamh, déantar ionsaí fíochmhar ar mhac léinn cumasach, rud a fhágann go bhfuil baol ann nach bhfaighidh sí an deis scoláireacht a fháil chuig ollscoil aitheanta. Tograíonn a hathair, ar dochtúir é, a ladhar a chur sa scéal. Tugtar léargas sa scannán dúinn ar dhearcadh agus ar chinntí morálta an athar ach tá léargas chomh maith ann ar náisiún a bhfuil an chneámhaireacht agus an chaimiléireacht ina chroílár. Tá ainm na Rómáine in airde maidir le cúrsaí scannánaíochta le roinnt blianta anuas agus tá saothar máistriúil Cristian Mungiu ar cheann de na scannáin is mó atá molta ag na léirmheastóirí.

Graduation thumb