lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Séasúr an Earraigh 2017

Séasúr an Earraigh 2017 - Clár agus Postaer

Scoth na Scannán Domhanda gach Déardaoin in Indreabhán

Séasur An Earraigh 2017 Postaer ardtaifigh thumb

Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, a fhógairt.

Taispeánfar scoth na scannán ó 'chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla 'chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir. Is ionad iontach é Seanscoil Sailearna le scáileán mór, suíocháin srathacha agus córas fuaime d’ardchaighdeán.

Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille € 30 (€ 25), a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille € 8 (€ 7) in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat.

Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:

  • 19 Eanáir: The Idol (An Ísiltír, An Phalaistín, An Ríocht Aontaithe 2016)
  • 26 Eanáir: The Clan (An Airgintín, An Spáinn 2015)
  • 02 Feabhra: After Love (An Fhrainc, An Bheilg 2016)
  • 09 Feabhra: The Black Hen (Neipeal, An Fhrainc, An Ghearmáin, An Eilvéis 2015)
  • 16 Feabhra: Off the Beaten Track (Éire, An Rómáin 2010)
  • 23 Feabhra: Francofonia (An Fhrainc, An Ghearmáin, An Ísiltír 2015)
  • 02 Márta: The Innocents (An Pholainn, An Fhrainc 2016)
  • 09 Márta: Viva (Éire, Cúba 2015)
  • 16 Márta: Cré na Cille (Éire 2007)
  • 23 Márta: The Unknown Girl (An Bheilg, An Fhrainc 2016)
  • 30 Márta: Tharlo (An Tibéid, An tSín 2015)
  • 06 Aibreán: El Sur (The South) (An Spáinn, An Iodáil 1983)

pdfClub Scannan Séasúr An Earraigh 2017 Postaer ardtaifigh3.1 MB

The Idol

(Ya tayr el tayer)

The Idol thumb
Stiúr: Hany Abu - Assad
An Ísiltír, An Phalaistín, An Ríocht Aontaithe 2016
100 nóiméad
Teastas: PG
 

 

Tá an scannán seo bunaithe ar shaol eachtrúil an amhránaí cháiliúil Mohammad Assaf, a rugadh agus a tógadh ar Stráice Gaza. Chaith sé a óige i mbannaí éagsúla ceoil in éineacht lena dheirfiúr agus le cairde éagsúla ach ní raibh ceapadh ar bith aige go bhféadfadh sé a bheith ina amhránaí proifisiúnta. Chinn sé páirt a ghlacadh sa gcomórtas amhránaíochta 'Arab Idol' ach is iomaí dris chosáin a bhí roimhe: ní raibh pas aige, bhí deacrachtaí aige an teorainn a thrasnú agus ní raibh cuireadh chun éisteachta aige, fiú. Ach d'éirigh leis an réalta ceoil chuile bhac a shárú.

The Idol thumb
The Idol thumb

 

After Love

(L’Économie du couple)

After Love thumb
Stiúr: Joachim Lafosse
An Fhrainc, An Bheilg 2016
100 nóiméad
Teastas: CLUB
 

 

Teipeann ar phósadh Marie agus Boris tar éis dóibh a bheith in éineacht le chéile ar feadh 15 bliana. Tá beirt chlainne orthu agus tá árasán álainn acu. Is í Marie is mó a shaothraíonn airgead agus thug a muintir cúnamh dóibh an t-árasán a cheannach ach is é Boris a chuir caoi air agus a rinne athchóiriú iomlán air, rud a chuireann go mór leis an luach atá air. Tá an t-árasán anois ina chnámh spairne eatarthu agus cinneann sé orthu teacht ar shocrú faoi agus dá bharr sin, coinníonn siad orthu ag maireachtáil ann agus, ar ndóigh, tarraingíonn sé seo achrann. Níl an scannán seo claonta i dtreo aon duine den bheirt ach léiríonn sé don lucht féachana go bhfuil an dá pháirtí ceart agus mícheart!

After Love thumb
After Love thumb
After Love thumb

 

The Clan

(El Clan)

The Clan thumb
Stiúr: Pablo Trapero
An Airgintín, An Spáinn 2015
100 nóiméad
Teastas: 15
 

 

Léirítear sa gcoirscannán seo mar a bhí daoine fós á bhfuadach agus ag dul "ar iarraidh" san Airgintín, fiú nuair a tháinig deireadh leis an deachtóireacht i 1981. Is scéal goilliúnach é seo agus níor chreid an pobal go bhféadfadh a leithéid de rud tarlú. Cuntas Hollywood ar chás Puccio atá sa scannán seo inar fhuadaigh muintir Puccio, nach raibh aon easpa airgid orthu féin, a gcomharsana saibhre le go bhfaigheadh siad airgead fuascailte óna ngaolta. Ba é an t-athair, iar-oifigeach faisnéise de chuid an rialtais, ba chionsiocair leis na gníomhartha seo agus choinnigh sé na daoine ina theach féin go dtí gur íoc a ngaolta an t-airgead éirice - ach níor tháinig na créatúir abhaile riamh.

Bhuaigh an scannán seo an Silver Lion ag Féile Scannán na Veinéise in 2015.

The Clan thumb
The Clan thumb
The Clan thumb

 

The Black Hen

(Kalo Pothi)

The Black Hen thumb
Stiúr: Min Bhadadur Bham
Neipeal, An Fhrainc, An Ghearmáin, An Eilvéis 2015
90 nóiméad
Teastas: CLUB
 

 

Tá an scannán seo lonnaithe i Neipeal sa mbliain 2001, tráth a raibh deireadh ag teacht leis an gcogadh cathartha agus an dá thaobh, an eite chlé agus an eite dheis, sásta cainteanna síochána a ghairm. Ach tá teannas fós le brath amuigh faoin tuath agus an baol i gcónaí ann go mbrisfeadh an cogadh amach arís. Tá saighdiúirí ar patról agus iad ag bagairt ar na daoine agus tá na treallchogaithe fós ag iarraidh dul i gcion ar an bpobal bocht nach bhfuil léamh ná scríobh acu. Ní cúrsaí cogaíochta atá ag cur as don dá phríomhcharachtar sa scannán seo ach cearc dhubh a théann ar iarraidh, cearc dhubh, atá ina foinse ioncaim don bheirt acu.

Bhuaigh an scannán seo an gradam Fedeora don scannán is fearr ag Seachtain Idirnáisiúnta na Léirmheastóirí Scannán sa Veinéis in 2016.

The Black Hen thumb
The Black Hen thumb
The Black Hen thumb