lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Féile Scannán na Réabhlóide 2016

Féile Scannán na Réabhlóide 2016 - Clár agus Postaer

Féile Scannán na Réabhlóide 2016

Buy Tickets Now >

Postaer na Feile 2016 thumb

jpgFéile 2016 Postaer ardtaifigh4.6 MB

Tá Club Scannán Sailearna ag reachtáil féile scannán i gConamara i 2016 mar chomóradh céad bliain ar Éirí Amach na Cásca 1916. Beidh scannáin Éireannacha faoin Éirí Amach agus Cogadh na Saoirse chomh maith le scannáin aitheanta idirnáisiúnta ar théama na réabhlóide á dtaispeáint thar thrí lá (27-29 Bealtaine) in Amharclann na Seanscoile, Indreabhán, Co. na Gaillimhe. Beidh léachtaí agus seisiúin phlé le saineolaithe agus scannánóirí aitheanta ar an gcaoi a gcuirtear 1916 agus réabhlóidí i gcoitinne in iúl trí mheán na scannánaíochta. I measc na scannán a bheidh á dtaispeáint beidh Mise Éire (1959), Áille an Uafáis / A Terrible Beauty (2013), October - Ten Days That Shook the World (1928) agus The Battle of Algiers (1966). I measc na gcainteoirí atá deimhnithe beidh na saineolaithe staire agus scannáin Mary HarrisDes Geraghty agus Seán Crosson chomh maith le scannánóirí ar nós Bob Quinn.

Is club scannán pobail é Club Scannán Sailearna atá lonnaithe in Amharclann na Seanscoile, Indreabhán, Co. na Gaillimhe. Bunaíodh an club in 2007 agus ó shin i leith táthar ag taispeáint scoth na scannán sainealaíne idirnáisiúnta agus Gaelach thar dhá shéasúr in aghaidh na bliana don phobal. Cláraítear thart ar thrí scór ball leis an gclub gach séasúr agus bíonn taispeántais speisialta á n-eagrú ag an gclub go rialta a dhéanann céiliúradh ar scannánaíocht i mionteangacha agus faoi mhionchultúir. I measc na n-ócáidí speisialta seo reachtáladh súil siar ar shaothar Bob Quinn agus taispeántas dúbailte ‘Scannáin ón Imeall’ i gcomhar le Cinemobile.

Buy Tickets Now >

 

Cathal Goan, iarcheannasaí RTÉ agus an chéad cheannaire ar TG4 a sheolfaidh an fhéile scannán seo atá mar chomóradh ar Éirí Amach na Cásca 1916.

Anseo thíos tá liosta na scannán a thaispeánfar:

 

  Amharclann na Seanscoile An Cinemobile An Poitín Stil
Aoine 27 Bealtaine 2016
20.00 Áille an Uafáis / A Terrible Beauty
Éire (2013) 92 nóim
Persepolis
An Fhrainc (2007) 96 nóim
The Square
An Éigipt (2013) 95 nóim
Satharn 28 Bealtaine 2016
11.00 Man of Iron
An Pholainn (1981) 153 nóim
The Revolution Will Not Be Televised
(Chavez: Inside the Coup)
Éire (2003) 75 nóim
Rocky Road to Dublin
(1968) 69 nóim
15.00 Mother Ireland
Éire (1991) 54 nóim
Cumann na mBan – Mná na Réabhlóide
Éire (2015) 53 nóim
An Tine Bheo
Éire (1966) 45 nóim
Concerning Violence
An tSualainn (2014) 78 nóim
Caoineadh Airt Uí Laoghaire
Éire (1975) 52 nóim
Splanc Deireadh na Gaeltachta
Éire (2000) 53 nóim
20.00 Mise Éire
Éire (1959) 85 nóim
The Battle of Algiers
An Iodáil / An Ailgéir (1966) 117 nóim
FÉACH..1916..Gaillimh 12 nóim
Bású : Liam Mellows 26 nóim
Diarmuid Lynch 26 nóim
Domhnach 29 Bealtaine 2016
11.00 Bernadette 'Súil Siar ar Aistear Polaitíochta'
Éire (2011) 87 nóim
October – Ten Days That Shook the World
An Rúis (1928) 142 nóim
Saoirse?
Éire (1961) 90 nóim
15.00 Soy Cuba / I am Cuba
Cúba (1964) 108 nóim
Eoin Mac Néill: Fear Dearmadta 1916 / The Forgotten Man of 1916
Éire (2016) 50 mins
Children of the Revolution
Éire (2010) 92 nóim

Buy Tickets Now >

Beidh breis eolais faoina scannáin, maraon le blaiseadh beag dóibh le fáil ón suíomh idirlíon www.clubscannan.ie nó is féidir eolas a fháil faoin gClub Scannán ach glaoch ar Dan (087) 8168629 nó Donncha (086) 4048881.

The Square

(Al midan)

The Square thumb
Stiúr: Jehane Noujaim
An Éigipt 2013
95 nóiméad
Teastas: CLUB
 

 

Beidh Treasa Ní Cheannabháin ag cur an scannáin seo i láthair na féile.
@ni_treasa

Tugann an scannán faisnéise seo an lucht féachana go ceartlár na réabhlóide a tharla ar Tahir Square na hÉigipte mar a raibh sé ina chíor thuathail ar feadh tréimhse. Léirítear gnéithe éagsúla den éirí amach: an réabadh agus an clampar; dílseacht agus paisean na ndaoine; míreanna YouTube, comhghuaillíochtaí a athraíonn ar iompú do bhoise gan trácht ar arm a bhíonn lá leis na daoine agus lá eile ina gcoinne. Tá radhairc iontacha anuas ar an aicsean a thaispeánann na sluaite ag plódú na cathrach. Tá teachtaireacht ann: ní bheathaíonn na briathra na bráithre; tá gá le hagóidíocht fhisiciúil chun torthaí a bhaint amach. Beidh an lucht féachana i ngreim ag an scéal seo, scéal nach bhfuil deireadh fós leis.

The Square thumb

 

Lóstín ar fáil go háitiúil

Lóistín Áitiúil

 

Lóistín
Accommodation
Fón
Phone
Ríomhphost
Email
Suíomh
Website
Km ón Seanscoil
Km from Seanscoil
An Caladh Gearr 091-593124 Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. www.bandbireland.com 1.5 km
An Garraí Mór 091-505970 Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.   2 km
Tigh Chualáin 091-553609 Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. tighchualain.com 2.5 km
Sea Mist 091-504991 Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.   2.5 km
Aran View 091-553632 Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. radharcarainn.com 4 km
Ard Aoibhinn 091 553179 Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. ardaoibhinnbandb.com 4 km
Caladh 'n Uisce 091-553324 Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.   4 km
Ardmor Country House 091-553145 Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. www.ardmorcountryhouse.com 4 km
Tuar Beag 091-553422     4 km
An Crúiscín Lán 091-553148 Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. www.cruiscin.ie 5 km
Ard Eoinín 091-553234 Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. www.spiddalbandb.com 5.5 km
Cloch na Scíth 091-553364 Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. www.thatchcottage.com 6 km
Radharc na Farraige 091-553434 Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. www.bandbireland.com 6 km
Óstán na Páirce 091-553159 Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. www.parklodgehotel.ie 7 km
Briseadh na Carraige 091-553212 Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. www.galwaybay.com 7 km
Cois Caoláire 091-553176 Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. www.bandbireland.com 7 km
Tigh Phádraicín 091-592444 Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. www.padraicinsrestaurant.com 9 km
Connemara Coast Hotel 091-592108 Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. www.connemaracoasthotel.ie 10 km

Buy Tickets Now >

Áille an Uafáis / A Terrible Beauty

(Áille an Uafáis)

Áille an Uafáis / A Terrible Beauty thumb
Stiúr: Keith Farrell
Éire 2013
90 nóiméad
Teastas: CLUB
 

 

Cuirfidh Cathal Goan an scannán seo inár láthair.

Is cuntas dorcha é seo nach bhfuil ar aon dul leis na laochscéalta a tháinig chun cinn i ndiaidh Éirí Amach 1916. Cuireann triúr - Saighdiúir Sasanach, Óglach Éireannach agus Sibhialtach - a bhí i láthair le linn na heachtra, a leaganacha féin den scéal inár láthair agus tugtar léargas eile dúinn ar an méid a tharla i 1916.

Lárnach sa scéal tá an cath fuilteach a tharla ag Droichead Mount Street, ar an 26 Aibreán 1916, nuair a d'ionsaigh 17 dena hóglaigh thart ar 1,000 saighdiúr agus iad ag máirseáil ón mbád isteach go lár na cathrach.

Áille an Uafáis / A Terrible Beauty thumb