lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Séasúr nua Scannán Domhanda

Séasúr An Fhómhair 2023 Postaer thumb

Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda a fhógairt.

Tosófar leis an scannán iontach One Fine Morning ag 8.15i.n. ar an Déardaoin, 28 Meán Fómhair.

Bí linn le sult a bhaint as scoth na scannán ó chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir. Is ionad iontach é Seanscoil Sailearna le scáileán mór, suíocháin srathacha agus córas fuaime d’ardchaighdeán.

Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille €35, a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille €8 in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat. Is féidir ticéid a cheannach anseo: https://www.clubscannan.ie/ga/ticeid

Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:

  • 28 Meán Fómhair: One Fine Morning
  • 05 Deireadh Fómhair: Tarrac
  • 12 Deireadh Fómhair: Eight Mountains
  • 19 Deireadh Fómhair: Cairo Conspiracy
  • 26 Deireadh Fómhair: Godland
  • 02 Samhain: 1976
  • 09 Samhain: Sick of Myself
  • 16 Samhain: Syndicaliste
  • 23 Samhain: Return to Seoul
  • 30 Samhain: Beasts
  • 07 Nollaig: Night of the 12th

 

pdfClub Scannan Postaer CSS Fómhair 20235.65 MB