lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Séasúr nua Scannán Domhanda

Séasúr An Fhómhair 2022 Postaer thumb

Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda a fhógairt.

Tosófar leis an scannán iontach La Belle Époque ag 8.15i.n. ar an Déardaoin, 29 Meán Fómhair.

Bí linn le sult a bhaint as scoth na scannán ó chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir. Is ionad iontach é Seanscoil Sailearna le scáileán mór, suíocháin srathacha agus córas fuaime d’ardchaighdeán.

Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille €35, a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille €8 in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat. Is féidir ticéid a cheannach anseo: https://www.clubscannan.ie/ga/ticeid

Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:

  • 29 Meán Fómhair: La Belle Époque
  • 06 Deireadh Fómhair: An Cailín Ciúin
  • 13 Deireadh Fómhair: Olga
  • 20 Deireadh Fómhair: Luzzu
  • 27 Deireadh Fómhair: Benedetta
  • 03 Samhain: Gagarine
  • 10 Samhain: The Worst Person in the World
  • 24 Samhain: Between Two Worlds
  • 01 Nollaig: Quo Vadis, Aida?
  • 08 Nollaig: Róise and Frank