lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Séasúr nua Scannán Domhanda

Séasúr An Fhómhair 2021 Postaer thumb

Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda a fhógairt.

Tosófar leis an scannán iontach Limbo ag 8.15i.n. ar an Déardaoin, 28 Deireadh Fómhair.

Bí linn le sult a bhaint as scoth na scannán ó chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir. Is ionad iontach é Seanscoil Sailearna le scáileán mór, suíocháin srathacha agus córas fuaime d’ardchaighdeán.

Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille €35, a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille €8 in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat. Is féidir ticéid a cheannach anseo: https://buytickets.at/clubscannan/593726

Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:

  • 28 Deireadh Fómhair: Limbo
  • 04 Samhain: The Mystery of Henri Pick
    Á láithriú le tacaíocht Ambasáid na Fraince in Éirinn agus an Institut Français.
  • 11 Samhain: Minari
  • 18 Samhain: Arracht
  • 25 Samhain: The County
  • 02 Nollaig: It Must Be Heaven
  • 09 Nollaig: New York: Our Time

 

 Embassy of France Logo Institut Francais Logo