lean muid

Fógra práinneach

I bhfianaise dhúshlán an choróinviris tá cinneadh tógtha ag choiste an chlub Scannáin Séasúr an Earraigh 2020 a chur ar ceal. Tá súil againn a bheith ar ais le chéile mar is iondúil sa bhfómhair. Idir an dá linn tugaigí aire dá chéile agus go raibh maith agaibh as bhur gcuid foighne agus tuisceana.

(Araghe Sard)

Stiúr: Soheil Beiraghi
Iaráin 2018
85 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Tugann bean dúshlán an chórais sa dráma bríomhar seo faoi imreoir futsal san Iaráin a ndiúltaíonn a fear cead a thabhairt di taisteal thar lear chuig cluiche tábhachtach. Cé go bhfuil an tsiamaíocht chun cinn ann, tá lón machnaimh dúinn sa scannán freisin.