lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Scoth na Scannán Domhanda gach Déardaoin in Indreabhán

ClubScannan Séasúr An Fhómhair 2018 Postaer ardtaifigh thumb

Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, a fhógairt.

Taispeánfar scoth na scannán ó 'chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla 'chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir. Is ionad iontach é Seanscoil Sailearna le scáileán mór, suíocháin srathacha agus córas fuaime d’ardchaighdeán.

Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille € 35 (€ 30), a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille € 8 (€ 7) in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat.

Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:

  • 20 Meán Fómhair: Let The Sunshine In (An Fhrainc 2017)
  • 27 Meán Fómhair: The Divine Order (An Eilvéis 2017)
  • 04 Deireadh Fómhair: Under The Tree (An Íoslainn, An Fhrainc 2017)
  • 11 Deireadh Fómhair: A Cambodian Spring (An Ríocht Aontaithe, An Chambóid 2018)
  • 18 Deireadh Fómhair: In The Fade (An Ghearmáin, An Fhrainc 2017)
  • 25 Deireadh Fómhair: The Camino Voyage (Éire 2018)
  • 01 Samhain: Jeune Femme (An Fhrainc, An Bheilg 2017)
  • 08 Samhain: The Ciambra (An Iodáil, An Fhrainc, Meiriceá, An Ghearmáin 2017)
  • 15 Samhain: The Breadwinner / An Saothraí (Ceanada, Éire, Lucsamburg 2017)
  • 22 Samhain: Summer 1993 (An Spáinn 2017)
  • 29 Samhain: Western (An Ghearmáin, An Bhulgáir, An Ostair 2017)
  • 06 Nollaig: Wajib (An Phalaistín, An Fhrainc, An Cholóim 2017)

Taispeánfar an chéad scannán sa tSeanscoil ag 8.15i.n. ar an Déardaoin, 20 Meán Fómhair.

pdfClub Scannan Séasúr An Fhómhair 2018 Postaer ardtaifigh5.8 MB