lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Séasúr an Earraigh 2020

Séasúr an Earraigh 2020 - Clár agus Postaer

Scoth na Scannán Domhanda gach Déardaoin in Indreabhán

Fógra práinneach (18/03/2020)
I bhfianaise dhúshlán an choróinviris tá cinneadh tógtha ag choiste an chlub Scannáin Séasúr an Earraigh 2020 a chur ar ceal. Tá súil againn a bheith ar ais le chéile mar is iondúil sa bhfómhair. Idir an dá linn tugaigí aire dá chéile agus go raibh maith agaibh as bhur gcuid foighne agus tuisceana.

Séasúr An Earraigh 2020 Postaer ardtaifigh thumb

Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, a fhógairt.

Taispeánfar scoth na scannán ó 'chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla 'chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir. Is ionad iontach é Seanscoil Sailearna le scáileán mór, suíocháin srathacha agus córas fuaime d’ardchaighdeán.

Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille € 35 (€ 30), a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille € 8 (€ 7) in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat.

Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:

  • 23 Eanáir: A Faithful Man (An Fhrainc 2018)
  • 30 Eanáir: Rojo (An Airgintín, An Bhrasaíl 2018)
  • 06 Feabhra: Burning (An Chóiré Theas 2018)
  • 13 Feabhra: Honeyland (Poblacht na Macadóine 2019)
  • 20 Feabhra: Le Brio (An Fhrainc 2017)
  • 27 Feabhra: Birds of Passage (An Cholóim, Meicsiceo 2018)
  • 05 Márta: Gaza (Éire, An Phalaistín 2019)
  • 12 Márta: Arracht (Éire, 2019) [Réamhthaispeántas Speisialta]
  • 19 Márta: Monos (An Cholóim, An Airgintín 2019)
  • 26 Márta: Pain and Glory (An Spáinn 2019)
  • 02 Aibreán: In the Aisles (An Ghearmáin 2018)

Taispeánfar an chéad scannán sa tSeanscoil ag 8.15i.n. ar an Déardaoin, 23 Eanáir.

pdfClub Scannan Séasúr An Earraigh 2020 Postaer ardtaifigh6.6 MB

A Faithful Man

(L'Homme Fidèle)

A Faithful Man (L'Homme Fidèle) thumb
Stiúr: Louis Garrel
An Fhrainc 2018
75 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Tá sé ina chogadh idir beirt bhan sa ménage à trois seo atá lonnaithe ar shráideanna áille Pháras. Tá an grá, an craiceann, an bás agus an codladh amuigh faoi chaibidil sa scannán a thugann ómós do ghluaiseacht nouvelle vague na Fraince.

A Faithful Man (L'Homme Fidèle) thumb
A Faithful Man (L'Homme Fidèle) thumb
A Faithful Man (L'Homme Fidèle) thumb
A Faithful Man (L'Homme Fidèle) thumb

 

Burning

De bharr fadhb teicniúil níor taispeánadh an scannán Burning an Déardaoin seo caite. Ba mhaith linn ár leithscéal a ghabháil faoi sin. Tá sé i gceist Burning a thaispeáint ag deireadh an tséasúir ar an Déardaoin 9 Aibreán.

(Beoning)

Burning (Beoning) thumb
Stiúr: Lee Chang-Dong
An Chóiré Theas 2018
148 nóiméad
Teastas: 16
 

 

An grá céasta is téama don scannán mistéireach seo atá suite sa gCóiré Theas sa lá atá inniu ann mar a bhfuil an t-airgead ina dhia ag na boicíní agus mar a dhéanann lucht na gcártaí creidmheasa géarleanúint ar dhaoine óga, bochta.

Buaiteoir – Duais FIPRESCI, Chang-dong Lee, Féile Scannán Cannes 2018

Burning (Beoning) thumb
Burning (Beoning) thumb
Burning (Beoning) thumb

 

Rojo

 

Rojo  thumb
Stiúr: Benjamín Naishtat
An Airgintín, An Bhrasaíl 2018
109 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Tá an scéal seo suite san Airgintín san am sular tharla an coup míleata. Baintear croitheadh as dlíodóir nuair a chuirtear tús le fiosrúchán faoi stainséir a chonacthas ar an mbaile píosa roimhe sin. Dráma snasta é seo faoin gcaoi a ndúnann an mheánaicme a súile ar ghníomhartha míchuí de réir mar a fheileann sé iad féin.

Gradam don stiúrthóir ab fhearr, Féile Scannán Idirnáisiúnta San Sebastián 2018
Gradam don aisteoir ab fhearr, Féile Scannán Idirnáisiúnta San Sebastián 2018
Gradam don chineamatagrafaíocht ab fhearr, Féile Scannán Idirnáisiúnta San Sebastián 2018

Rojo  thumb
Rojo  thumb
Rojo  thumb
Rojo poster thumb

 

Honeyland

 

Honeyland; thumb
Stiúr: Tamara Kotevska, Ljubomir Stefanov
Poblacht na Macadóine 2019
90 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Saothar spreagúil, tarraingteach atá sa scannán faisnéise seo atá suite i seanbhaile tréigthe i dtuaisceart na Macadóine, áit a gcoinníonn Hatidze beacha. Beachaire den tseanstíl í a úsáideann modhanna traidisiúnta, inmharthana agus tá sí ar dhuine den dream deireanach san Eoraip atá ag saothrú na seancheirde seo. Ach is gearr go n-athróidh an scéal.

Buaiteoir – Duais mhór an Ghiúiré, Cineama Domhanda, Scannán Faisnéise, Féile Scannán Sundance 2019

Honeyland; thumb
Honeyland; thumb
Honeyland; thumb
Honeyland; thumb