lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Séasúr an Fhómhair 2019

Séasúr an Fhómhair 2019 - Clár agus Postaer

Scoth na Scannán Domhanda gach Déardaoin in Indreabhán

ClubScannan Séasúr An Fhómhair 2019 Postaer ardtaifigh thumb

Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, a fhógairt.

Taispeánfar scoth na scannán ó 'chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla 'chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir. Is ionad iontach é Seanscoil Sailearna le scáileán mór, suíocháin srathacha agus córas fuaime d’ardchaighdeán.

Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille € 35 (€ 30), a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille € 8 (€ 7) in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat.

Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:

  • 26 Meán Fómhair: Everybody Knows (An Spáinn, An Fhrainc, An Iodáil 2018)
  • 03 Deireadh Fómhair: The 12th Man (An Iorua 2017)
  • 10 Deireadh Fómhair: Foxtrot (An Ghearmáin, An Fhrainc, Iosrael, An Eilvéis 2017)
  • 17 Deireadh Fómhair: Sink or Swim (An Fhrainc 2018)
  • 24 Deireadh Fómhair: Cumar (Éire 2019)
  • 31 Deireadh Fómhair: Border (An tSualainn 2018)
  • 07 Samhain: Balloon (An Ghearmáin 2018)
  • 14 Samhain: Diego Maradona (An Ríocht Aontaithe 2019)
  • 21 Samhain: Woman at War (An Íoslainn, An Fhrainc, An Úcráin 2018)
  • 28 Samhain: Happy As Lazzaro (An Iodáil, An Eilvéis, An Fhrainc, An Ghearmáin 2018)
  • 05 Nollaig: Permission (Iaráin 2018)

Taispeánfar an chéad scannán sa tSeanscoil ag 8.15i.n. ar an Déardaoin, 26 Meán Fómhair.

pdfClub Scannan Séasúr An Fhómhair 2019 Postaer ardtaifigh8.6 MB

Everybody Knows

(Todos lo Saben)

Stiúr: Asghar Farhadi
An Spáinn, An Fhrainc, An Iodáil 2018
133 nóiméad
Teastas: 15A
 

 

Tagann Laura agus a cuid páistí anall ón Airgintín do bhainis a deirféar sa Spáinn ach tarraingíonn eachtra gan choinne an anachain orthu agus scaoiltear na rúin a bhí ligthe i ndearmad.

 

Foxtrot

 

Stiúr: Samuel Maoz
An Ghearmáin, An Fhrainc, Iosrael, An Eilvéis 2017
113 nóiméad
Teastas: 15A
 

 

Maraítear saighdiúir óg Iosraelach agus tá a thuismitheoirí croíbhriste. Titeann an tóin ar fad as an athair sa scannán osréalach seo a bhfuil iarracht den ghreann dorcha ann. Is saothar é seo le stiúrthóir Lebanon, scannán a chuaigh i bhfeidhm ar lucht Chlub Scannán Sailearna cheana.

Winner - Silver Lion, Grand Jury Prize, Samuel Maoz, Venice Film Festival 2017

 

The 12th Man

(Den 12. mann)

Stiúr: Harald Zwart
An Iorua 2017
135 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Níl fágtha beo ach duine amháin tar éis a theipeann ar iarrachtaí grúpa trodaithe san Iorua na Naitsithe a chur de dhroim seoil. Téann sé ar a theitheadh faoin sneachta agus faoin sioc agus an Gestapo sna sála air. Is fíorscéal é seo faoin laochas agus faoin spiorad daonna.

 

Sink or Swim

(Le Grand Bain)

Stiúr: Gilles Lellouche
An Fhrainc 2018
122 nóiméad
Teastas: 15A
 

 

Tograíonn grúpa fear, a bhfuil na cúlfhiacla curtha go maith acu, tabhairt faoin snámh sioncronaithe comhuaineach. Bainfidh an scannán seo neart gáire as an lucht féachana.