lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Séasúr an Fhómhair 2018

Séasúr an Fhómhair 2018 - Clár agus Postaer

Scoth na Scannán Domhanda gach Déardaoin in Indreabhán

ClubScannan Séasúr An Fhómhair 2018 Postaer ardtaifigh thumb

Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, a fhógairt.

Taispeánfar scoth na scannán ó 'chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla 'chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir. Is ionad iontach é Seanscoil Sailearna le scáileán mór, suíocháin srathacha agus córas fuaime d’ardchaighdeán.

Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille € 35 (€ 30), a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille € 8 (€ 7) in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat.

Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:

  • 20 Meán Fómhair: Let The Sunshine In (An Fhrainc 2017)
  • 27 Meán Fómhair: The Divine Order (An Eilvéis 2017)
  • 04 Deireadh Fómhair: Under The Tree (An Íoslainn, An Fhrainc 2017)
  • 11 Deireadh Fómhair: A Cambodian Spring (An Ríocht Aontaithe, An Chambóid 2018)
  • 18 Deireadh Fómhair: In The Fade (An Ghearmáin, An Fhrainc 2017)
  • 25 Deireadh Fómhair: The Camino Voyage (Éire 2018)
  • 01 Samhain: Jeune Femme (An Fhrainc, An Bheilg 2017)
  • 08 Samhain: The Ciambra (An Iodáil, An Fhrainc, Meiriceá, An Ghearmáin 2017)
  • 15 Samhain: The Breadwinner / An Saothraí (Ceanada, Éire, Lucsamburg 2017)
  • 22 Samhain: Summer 1993 (An Spáinn 2017)
  • 29 Samhain: Western (An Ghearmáin, An Bhulgáir, An Ostair 2017)
  • 06 Nollaig: Wajib (An Phalaistín, An Fhrainc, An Cholóim 2017)

Taispeánfar an chéad scannán sa tSeanscoil ag 8.15i.n. ar an Déardaoin, 20 Meán Fómhair.

pdfClub Scannan Séasúr An Fhómhair 2018 Postaer ardtaifigh5.8 MB

Let The Sunshine In

(Un Beau Soleil Intérieur)

Let The Sunshine In (Un Beau Soleil Intérieur) thumb
Stiúr: Claire Denis
An Fhrainc 2017
94 nóiméad
Teastas: 15A
 

 

Scéal Isabelle, ealaíontóir meánaosta, a bhí pósta tráth ach atá sa tóir arís ar an ngrá, atá sa scannán seo. Is iomaí carachtar a chastar uirthi sa scannán pléisiúrtha, sofaisticiúil seo.

Let The Sunshine In (Un Beau Soleil Intérieur) thumb
Let The Sunshine In (Un Beau Soleil Intérieur) thumb

 

Under The Tree

(Undir trénu)

Under The Tree (Undir trénu) thumb
Stiúr: Hafsteinn Gunnar Sigurðsson
An Íoslainn, An Fhrainc 2017
89 nóiméad
Teastas: 15
 

 

Déanann comharsana Baldvin agus Inga gearán leo mar tá crann ina gcúlghairdín ag caitheamh scáile ar an deic. Níl siad in ann teacht ar réiteach faoin scéal, téann cúrsaí in olcas agus faoi dheireadh, cailleann ‘chuile dhuine guaim orthu féin.

Under The Tree (Undir trénu) thumb
Under The Tree (Undir trénu) thumb
Under The Tree (Undir trénu) thumb
Under The Tree (Undir trénu) poster

 

The Divine Order

(Die Göttliche Ordnung)

The Divine Order (Die Göttliche Ordnung) thumb
Stiúr: Petra Volpe
An Eilvéis 2017
96 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Tá an dráma taitneamhach seo lonnaithe san Eilvéis sa mbliain 1971 mar a dtugann bean tí dúshlán na bhfear trí cheannasaíocht a ghlacadh ar an bhfeachtas áitiúil ar son chearta vótála na mban.

The Divine Order (Die Göttliche Ordnung) thumb
The Divine Order (Die Göttliche Ordnung) thumb
The Divine Order (Die Göttliche Ordnung) thumb
The Divine Order (Die Göttliche Ordnung) thumb

 

A Cambodian Spring

 

A Cambodian Spring thumb
Stiúr: Christopher Kelly
An Ríocht Aontaithe, An Chambóid 2018
126 nóiméad
Teastas: 15A
 

 

Rinne an stiúrthóir Éireannach, Chris Kelly, an scannán faisnéise seo thar thréimhse sé bliana. Léargas atá ann ar an bhforéigean agus ar an scliúchas a tharla in 2007 mar gheall ar an aighneas gránna talún a tharla sa bpríomhchathair Chambódach, Phnom Penh.

A Cambodian Spring thumb
A Cambodian Spring thumb
A Cambodian Spring thumb
A Cambodian Spring poster
A Cambodian Spring poster