lean muid
Séasúr an Earraigh 2025 / Spring Season 2025
Séasúr an Earraigh 2025 Ceannaigh Ticéid
 

Séasúr an Earraigh 2025

Séasúr an Earraigh 2025

Séasúr nua Scannán Domhanda

Séasúr An Earraigh 2025 Postaer thumb

Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda a fhógairt.

Tosófar le My Favourite Cake (An Iaráin, 2024) ag 8.15i.n. ar an Déardaoin, 23 Eanáir.

Bí linn le sult a bhaint as scoth na scannán ó chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir.

Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille €40, a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille €9 in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat. Is féidir ticéid a cheannach anseo:
https://www.clubscannan.ie/ga/ticeid

Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:

  • 23 Eanáir: My Favourite Cake
  • 30 Eanáir: Soundtrack to a Coup d’Etat
  • 06 Feabhra: The Teacher
  • 13 Feabhra: The Tasting
  • 20 Feabhra: Crossing
  • 27 Feabhra: How To Make Millions Before Grandma Dies
  • 06 Márta: Fidil Ghorm
  • 13 Márta: Queer
  • 20 Márta: On Becoming a Guinea Fowl
  • 27 Márta: All We Imagine As Light
  • 03 Aibreán: I'm Still Here