lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Séasúr an Earraigh 2023

Séasúr an Earraigh 2023 - Clár agus Postaer

Séasúr nua Scannán Domhanda

Séasúr An Earraigh 2023 Postaer thumb

Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda a fhógairt.

Tosófar leis an scannán iontach Official Competition ag 8.15i.n. ar an Déardaoin, 19 Eanáir.

Bí linn le sult a bhaint as scoth na scannán ó chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir. Is ionad iontach é Seanscoil Sailearna le scáileán mór, suíocháin srathacha agus córas fuaime d’ardchaighdeán.

Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille €35, a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille €8 in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat. Is féidir ticéid a cheannach anseo: https://www.clubscannan.ie/ga/ticeid

Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Séasúr An Earraigh 2023

Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:

  • 19 Eanáir: Official Competition
  • 26 Eanáir: Return to Dust
  • 02 Feabhra: Decision to Leave
  • 09 Feabhra: Utama
  • 16 Feabhra: Both Sides of the Blade
  • 23 Feabhra: The Gravedigger's Wife
  • 02 Márta: The Ordinaries
  • 09 Márta: Aisling Trí Néallaibh: Clouded Reveries
  • 16 Márta: No Bears
  • 23 Márta: Corsage
  • 30 Márta: Alcarràs
  • 06 Aibreán: Tori and Lokita

 

Decision to Leave

 

Monos  thumb
Stiúr: Park Chan-wook
An Chóiré Theas 2022
138 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Faigheann fear bás agus bíonn ar bhleachtaire an cás a fhiosrú ach tarlaíonn cor sa scéal nuair a chuireann sé suim sa mbaintreach. Tá an fhótaghrafaíocht sa scannán seo críochnúil agus spraíúil, tá sraitheanna agus íomhánna ann a chuirfeadh amú thú, rud a léiríonn a éasca is atá sé an fhírinne a chur as a riocht.

 

Decision To Leave 2 thumb
Decision To Leave 3 thumb
 

 

Aisling Trí Néallaibh / Clouded Reveries

 

Stiúr: Ciara Nic Chormaic
Éire 2022
72 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Plé pearsanta atá sa scannán seo ar an gcaoi a saothraíonn an file agus an t-údar, Doireann Ní Ghríofa, an chruthaitheacht. Is as Gaillimh do Ní Ghríofa agus bronnadh mórchuid gradam ar leabhar A Ghost in the Throat (2020). Cuimhní, máithreachas agus an mhistéir a bhaineann leis an gcruthaitheacht is ábhar don scannán.

SnaG le Energia logo2020 footer 300x208
 

 
 
 
 

 

Both Sides of the Blade

Both Sides of the Blade

An Iodáil, An Fhrainc & An Ghearmáin – 2021 (117 nóim)

Tá príomhcharachtar an scéil seo, atá bunaithe ar an leabhar Un Tournant de la Vie, pósta ach déantar an deabhal uilig nuair a imíonn sí i mbradaíl. Tá an dúil agus an paisean chun cinn agus is í Juliette Binoche atá sa bpríomhpháirt.