follow
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Spring Season 2024 Purchase Tickets
 

Season an Fhómhair 2009

Coimpléacs Baader Meinhof - 24 Meán Fómhair

Der Baader Meinhof Komplex (The Baader Meinhof Complex)

Stiúr: Uli Edel
An Ghearmáin / An Fhrainc / Poblacht na Seice - 2008
150 nóiméad - Teastas: 15A
Tarraingíonn an scannán seo tuilleadh ó thobar stair pholaitiúil na Gearmáine óna bhfuarthas Downfall agus The Lives of Others. Is scannán rí-spéisiúil é Coimpléacs Baader Meinhof ar go leor bealaí.

Baineann an scannán leis an tréimhse sin sna 1970idí sa Ghearmáin nuair a bhí Buíon Baader Meinhof – nó Buíon an Airm Dheirg (RAF) – ag brú idé-eolaíochtaí na heite deise chun cinn tríd an bhforéigean. Daoine a bhfuil cuimhne mhaith acu ar an tréimhse sin, beidh an-spéis acu i gCoimpléacs Baader Meinhof.

D’fhás an RAF as gluaiseachtaí aighnis na mac léinn sna 1960idí nuair a thug glúin iarchogaidh a raibh an-spéis acu sa pholaitíocht na sráideanna orthu féin agus iad spreagtha ag nithe a thit amach in Viatnam agus laistiar den Chuirtín Iarainn. In Iarthar na Gearmáine, theastaigh uathu, ní nach ionadh, nach ndéanfaí na botúin chéanna is a rinneadar roimhe sin agus bhíodar in amhras faoi lucht na polaitíochta, a raibh iarbhaill den Pháirtí Nazi ina measc. Grúpa mac léinn radacach na heite deise a bhí i mBuíon Baader Meinhof ar dtús: ar deireadh thiar thall ba ghrúpa sceimhlitheoireachta gairmiúla iad a raibh baint acu leis an PLO agus le caimiléireacht, fuadach, dúnmharú agus buamáil. Níor tháinig deireadh oifigiúil leo go dtí 1998. Do dhaoine óga an lae inniu a bhfuil eolas acu ar an bpolaitíocht is iontach an spléachadh é an scannán seo ar thús sceimhlitheoireacht na linne seo.

 

Comhrá leis an nGarraíodóir - 08 Deireadh Fómhair

Dialogue avec mon jardinier (Conversations with my Gardener)

Stiúr: Jean Becker
An Fhrainc 2007
108 nóiméad - Teastas: Club
Fágann péintéir iomráiteach Páras le filleadh ar an sráidbhaile i lár na Fraince inar rugadh é breis is 50 bliain roimhe sin. Ó cailleadh a thuismitheoirí níl fonn dá laghad ar an bpéintéir gairdíní an tí a thindeáil agus níl scil aige chuige. Cuirtear ionadh air nuair a fhreagraíonn seanchara leis ón mbunscoil fógrán le haghaidh garraíodóra. Cothaítear cairdeas idir an bheirt fhear agus iad ag eachtraí ar imeachtaí a saoil. Is breá le fear na mórchathrach macántacht agus eolas an gharraíodóra ar an saol agus cuireann sé spéis athuair sa saol, sa ghrá agus i nglasraí agus i dtórraimh.

Is iontach an léiriú a dhéanann Jean Becker ar an scannán seo agus tugann sé deis bhrea aisteoireachta do bheirt aisteoirí iontacha na Fraince, Daniel Auteuil agus Jean-Pierre Darroussin, a thugann léargas chomh maith sin dúinn ar an gcaidreamh idir an garraíodóir agus an péintéir nach bhfuil dabht faoi ach go bhfuil sé ar cheann de na scannáin is fearr a rinneadh sa Fhrainc. - Féile Scannán Karlovy Vary 2007

 

 

Che: Cuid 1 - 12 Samhain

(Che: part 1)

Stiúr: Steven Soderbergh
An Fhrainc / An Spáinn / SAM - 2008
126 nóiméad - Teastas: 12A
Is é an chéad rud atá le rá faoin éacht scannánaíochta seo de chuid Steven Soderbergh, léiritheoir scannán Meiriceánach, ná gur chóir dul ag féachaint air. Ba chóir freisin an dá chuid a fheiceáil in aon iarracht amháin; is ansin a thuigtear i gceart a fheabhas is atá an saothar seo.

Mura bhfeictí ach Cuid a hAon shílfí nach bhfuil ann ach léargas aisteach ar shaol duine; má fheictear an dá chuid chítear nach gnáthléargas ar shaol duine atá déanta ag Soderbergh.

Ar an gcéad dul síos, níor ghá dó gnáthléargas saoil a thabhairt mar is breá an léargas a thugann The Motorcycle Diaries le Walter Salles ar an gcaoi an ndeachaigh an fhulaingt agus an éagóir i gcionn ar dhochtúir ón Airgintín. Ar an dara dul síos, cé go bhfuil scannán Soderbergh bunaithe ar shaol Ernesto Guevara (Benicio Del Toro), ní hé sin bun agus barr an scéil, mar is scannán é seo a thugann spléachadh ar anachain na réabhlóide.

Tugann Cuid a hAon - a bhaineann leis an tréimhse idir 1955, nuair a bhuail Guevara le Fidel Castro (Demián Bichir) den chéad uair i gCathair Mheicsiceo, agus 1964, nuair a thug sé cuairt ar Nua-Eabhrac chun labhairt le tionól na Náisiún Aontaithe - spléachadh ar an bhfeachtas treallchogaíoch a bhí ar bhun ag buíon beag scaipthe réabhlóidithe i gcoinne an airm a bhí ag tacú le deachtóir Chúba, Batista. Agus an scannán ag féachaint siar agus chun tosaigh, tugtar léargas ar dhul chun cinn malltriallach ach dochreidte na dtreallchogaithe ón Sierra Maestra go bua éachtach in Santa Clara le plé (bunaithe ar óráidí agus ar scríbhinní Guevara) ar straitéis na réabhlóide, ó thaobh cleachtais agus teoirice de.

Buaiteoir – An tAisteoir is Fearr - Féile Scannán Cannes 2008

 

Phléasc Buddha le náire - 22 Deireadh Fómhair

Buda as sharm foru rikht (Buddha Collapsed Out of Shame)

Stiúr: Hana Makhmalbaf
An Iaráin 2007
81 nóiméad - Teastas: 12A
Gné shuntasach de scannánaíocht na hIaráine is ea scannáin ar dhaoine óga agus scannáin le stiúrthóirí an-óg. An scannán is déanaí seo ón tír sin, Phléasc Buddha le náire, is faoi chailín sé bliana d'aois ón Afganastáin é atá ar thóir oideachais agus is é Hana Makhmalbaf, 19 mbliana d’aois, a scríobh agus a léirigh. Is stiúrthóir iomráiteach scannán é a hathair Mohsen Makhmalbaf, agus bhí scannán ag a deirfiúr, Samira Makhmalbaf, i gcomórtas Cannes sula raibh 18 mbliana d’aois slánaithe aici.

Is é íomhá thosaigh agus dheiridh an scannáin físeán nuachta ón mbliain 2001 nuair a scrios an Taliban dealbha móra Buddha le buamaí in Bamyan. Idir eatarthu tá léargas ar lá i saol cailín atá ag cur fúithi sa sráidbhaile bocht sin atá clúdaithe le smidiríní ón mbuamáil.

Chíonn Baktay, laoichín an scannáin, buachaill atá ag cur faoi sa phluais bhéal dorais ag léamh leabhair agus níl fúithi ná thairisti as sin amach ach dul ar scoil. Ní mór di airgead a dhéanamh ar dtús as uibheacha shicín an teaghlaigh a dhíol chun leabhar nótaí agus peann luaidhe a cheannach. Níl ansin ach tús na heachtraíochta di agus í ar thóir na síochána. Scannán an-mhothúchánach atá ann a instear ar bhealach díreach, fíreannach agus neamh-mhaoitheanach, agus is iontach an léiriú a thugann Nikbakht Noruz uaithi i bpáirt Baktay. - Philip French / The Observer

 

Buddha Collapsed Out of Shame

Che: Cuid 2 - 13 Samhain

(Che: part 2)

Stiúr: Steven Soderbergh
An Fhrainc / An Spáinn / SAM - 2008
131 nóiméad - Teastas: 15A
Má mheastar nár baineadh buaicphointe amach le deireadh Chuid a hAon in ainneoin bua na réabhlóidithe agus gur theip ar Soderbergh mórtas agus áthas na héachta sin a léiriú, is amhlaidh nach bhfuil ann ach lár an scéil maidir le héachtaí Guevara. I gCuid a Dó, tagann sé go Bolivia i ngan fhios i 1966, agus é ag súil le dul i gcion, le cabhair roinnt comhghleacaithe ó Chúba, ar roinnt feirmeoirí bochta nach bhfuil róbhuíoch do dhaoine ón taobh amuigh atá ag cothú trioblóide agus ag iompú lucht an údaráis ina gcoinne.

Is mór an difear atá idir Cuid a Dó agus an chéad chuid den scannán lena n-instear scéal scaipthe a bhaineann le tréimhsí difriúla i meascán stíleanna idir dhaite agus dubh is bán. Tá scéal na Bolaive níos leanúnaí agus níos ciúine agus níos teinne. Ní hionann an scannán seo agus scannán Hollywood - ní mór a bheith foighneach leis agus aird a thabhairt air - ach is iontach an scannán é agus is mór an pléisiúir atá le baint as. - Geoff Andrew / Time Out London

Buaiteoir - An tAisteoir is Fearr - Féile Scannán Cannes 2008