lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Séasúr nua Scannán Domhanda

Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, a fhógairt.

Féile Idirnáisiúnta Átha Cliath 2024 (DIFF) Postaer thumb

Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, a fhógairt. Tá séasúr gearr (4 scannán) againn an uair seo de bharr athchóiriú na hamharclainne ach tá áthas orainn go mbeidh dhá ócáid speisialta againn in éindí leis an séasúr seo. I bpáirtnéireacht le Féile Idirnáisiúnta Átha Cliath (DIFF) 2024 beidh 2 fhadscannáin agus 6 ghearrscannáin againn ón bhféile a bheidh faoi lán seoil ar na dátaí céanna i mBaile Áth Cliath.

Anuas ar sin, agus mar céiliúradh neamhghnách ar Sheachtain na Gaeilge 2024, beidh an scannán Spáinnise, Bascaise agus Fraincise 20,000 Speiceas den Bheach, a bhain go leor gradam amach, á thaispeáint go speisialta le fotheidil Ghaeilge.

Is féidir ticéid a cheannach don séasúr, don bhféile DIFF i gConamara nó do 20,000 Speiceas den Bheach anseo: https://www.clubscannan.ie/ga/ticeid

Táimid ag súil go mór le tú a fheiceáil ag an gclub!

 

Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

 

Séasúr An Earraigh 2024 Postaer thumb

Féile Idirnáisiúnta Átha Cliath 2024 (DIFF), 24 & 25 Feabhra 2024:

  • Satharn 24 Feabhra | 8 i.n. | Toni
  • Domhnach 25 Feabhra | 12 i.n. | Gearrscannáin na Féile
  • Domhnach 25 Feabhra | 2:30 i.n. | Mami Wata

 

Seachtain na Gaeilge: Taispeántas Speisalta:

  • Domhnach 03 Márta | 8 i.n. | 20,000 Species of Bees (Fo-theidil Gaeilge)

 

Séasúr an Earraigh 2024:

  • Déardaoin 07 Márta | 8 i.n. | Anatomy of a Fall
  • Déardaoin 21 Márta | 8 i.n. | Our River - Our Sky
  • Déardaoin 28 Márta | 8 i.n. | Past Lives
  • Déardaoin 04 Aibreán | 8 i.n. | Fallen Leaves