(Kona fer í stríð)

Stiúr: Benedikt Erlingsson
An Íoslainn, An Fhrainc, An Úcráin 2018
101 nóiméad
Teastas: 12A
 

 

Gníomhaí timpeallachta í Halla a bhfuil agóid aonair ar bun aici in aghaidh thionscal an alúmanaim san Íoslainn. Díreach agus a feachtas ag géarú, faigheann sí scéal go bhfuil cead aici cailín beag ón Úcráin a uchtú. Téama na cosanta atá i gcroílár an scannáin dhúghrinn seo.

Buaiteoir don script ab fhearr, Seachtain na Léirmheastóirí ag Féile Scannán Cannes 2018
Buaiteoir Duais Scannán Lux 2018