(La mécanique de l'ombre)

Scribe thumb
Stiúr: Thomas Kruithof
An Bheilg, An Fhrainc 2016
88 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Cuireann céad iarracht Thomas Kruithof beocht an athuair i seánra seanbhunaithe na scannán scéinséara. Is fear ciúin, réchúiseach é Duval agus é ag súil lena phost nua. Baintear as a chleachtadh é, áfach, nuair a thagann amhras air faoin ábhar rúnda atá á thrascríobh aige. Aimsir toghcháin atá ann agus ní de thimpiste a bhfuil cosúlachtaí idir an saothar seo agus feachtais pholaitíochta na heite deise a reáchtáladh i Meiriceá agus sa bhFrainc le roinnt blianta anuas. Tá an chliar agus an script thar cionn agus beidh an lucht éisteachta i ngreim ag an scéal ó thús go deireadh.

Scribe thumb
Scribe thumb
Scribe thumb