Lion thumb
Stiúr: Garth Davis
An Astráil, An Ind 2016
120 nóiméad
Teastas: PG
 

 

Agus é ina bhuachaillín óg, thit Saroo Brierley ina chodladh ar thuras traenach a thug míle míle ó bhaile é. Bhí air maireachtáil ar na sráideanna san India go dtí gur uchtaigh lánúin ón Astráil é. Anois agus é ina fhear óg tá cuimhní na hóige agus an bhaile fós ina chloigeann. Téann sé i muinín na teicneolaíochta agus Google Earth lena bhealach a dhéanamh ar ais go dtí an áit ar rugadh é. Is iomaí cor atá san aistear anróiteach a dhéanann an fear óg a bhfuil sé de rún daingean aige filleadh ar an dúchas.

BAFTA 2017 don Aisteoir Tánaisteach is Fearr, Dev Patel
BAFTA 2017 don script is fearr, Luke Davis

Lion thumb
Lion thumb
Lion thumb