(Under sandeti)

Land of Mine thumb
Stiúr: Martin Zandvliet
An Danmhairg, An Ghearmáin 2015
100 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Tá cur síos sa scannán seo ar eachtra a tharla sa Danmhairg nuair a tháinig deireadh leis an Dara Cogadh Domhanda agus atá ligthe i ndearmad. Tá an cósta breac le mianaigh an chogaidh agus cuirtear iallach ar shaighdiúirí óga Gearmánacha, ar príosúnaigh iad, na tránna a ghlanadh. Tar éis píosa, glacann an sáirsint atá i gceannas orthu trua dóibh agus cuireann a gcás as dó. Níl ach snáithe amháin sa scéal seo agus is de réir a chéile a mhéadaíonn an teannas agus, go deimhin, an cumha ann. Soilsiú nádúrtha den chuid is mó a d’úsáid an stiúrthóir Martin Zandvliet agus is álainn go deo na radhairc atá ann den fharraige agus den chósta agus cuireann siad go mór leis an scéal.

Ainmnithe don Scannán is fearr i dteanga iasachta, Academy Awards 2017

Land of Mine thumb
Land of Mine thumb
Land of Mine thumb