(Dabba)

The Lunchbox thumb
Stiúr: Ritesh Batra
An India 2013
104 nóiméad
Teastas: PG
 

 

Oibríonn 5000 Dabbawallah i Mumbai mar a thugann siad dabba (ceaintíní bia te) mórthimpeall na cathrach chuig an iliomad ionad. Rinne Ollscoil Harvard staidéar ar an gcóras seachadta atá ag na hoibrithe seo agus fuarthas amach nach bhfágtar ach ceaintín amháin as milliún ag an ionad mícheart. Is mór an spórt an scannán seo a léiríonn an méid a tharlaíonn nuair a théann ceaintín amháin amú.

The Lunchbox thumb