Omar thumb
Stiúr: Hany Abu-Assad
An Phalaistín 2013
96 nóiméad
Teastas: 15A
 

 

Tá an grá rómánsach agus an tírghrá fite fuaite ina chéile sa scéal seo atá lonnaithe sa Phalaistín. Is minic Omar ag seachaint piléir na saighdiúirí Iosraelacha agus é ag dreapadh an bhalla cosanta a sheasann idir é agus a chailín, Nadia. Scarann an balla an dá ghné dá shaol: feictear an leannán lách, grámhar ar thaobh amháin agus an trodaí saoirse, a throideann gan fuacht gan faitíos, ar an taobh eile. Ach gabhann na póilíní Omar agus éilíonn siad cúnamh uaidh a fhágann idir dhá thine Bhealtaine é. Ach oiread le tírdhreach na Palaistíne, déantar míle píosa de chroí Omar ach is léir gur le grá dochloíte do Nadia a dhéanann sé an méid a dhéanann.

Omar thumb