Midnights Children 2 thumb
Stiúr: Deepa Mehta
An Ind/UK 2012
146 nóiméad
Teastas: 12A
 

 

Scannán atá bunaithe ar úrscéal Salman Rushdie é seo a chuimsíonn 60 bliain de stair shuaite na hIndia agus na Pacastáine ó dheireadh an dara cogadh domhanda go dtí an lá atá inniu ann. Scéal faoi chlann shaibhir Mhoslamach agus a lucht aitheantais atá ann agus tugtar léargas dúinn ar fhéiniúlachtaí casta an dá thír a cruthaíodh nuair a deighleadh fo-chríoch na hIndia i 1947. Sníonn Rushdie saol príobháideach agus poiblí na gcarachtar le chéile tríd an nasc mistéireach a chruthaíonn sé idir na páistí ar fad a saolaíodh ar uair an mheán oíche ar an lá a tarraingíodh an teorainn. Tá an greann, an tragóid agus an scigdhráma fite fuaite sa scéal seo agus is iad a thugann tuiscint níos fearr do na carachtair ar an tír ina maireann siad.

 

Midnights Children 2 thumb