Scoth na Scannán Domhanda gach Déardaoin in Indreabhán

Séasúr an Fhómhair 2013 - Postaer isealtaifigh

Cuirfear tús le séasúr nua scannán i Seanscoil Sailearna, Indreabhán ar an Déardaoin, an 3ú Deireadh Fómhair leis an scannán Midnight’s Children, atá bunaithe ar leabhar leis an údar Salman Rushdie.

Tá clár láidir de scoth na scannán domhanda curtha le chéile don séasúr, ina measc An Dubh ina Gheal, scannán a rinne Louis de Paor faoi na bundúchasaigh san Astráil. Idir tús Dheireadh Fómhair agus tús mí na Nollag taispeánfar scannán (le fotheidil), chuile Déardaoin ar an scrín mhór nua atá curtha isteach san amharchlann i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, atá lonnaithe thart ar 3 mhíle siar ón Spidéal.

Tá an séasúr scannán eagraithe ag Club Scannán Sailearna i gcomhar le Access Cinema, eagraíocht a dheineann comhordanú ar clubanna scannán beaga ar fud na tíre.

Is féidir le daoine ballraíocht sa chlub scannán a thógáil amach don séasúr ar € 30 (€ 25), a thugann cead isteach dona scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir € 8 (€ 7) per scannán a íoc ag an doras ar an oíche, más fearr leat.

Anseo thíos tá liosta na scannán a thaispeánfar le linn an tséasúir nua:

  • 03 Deire Fómhair: Midnight’s Children (An Ind/UK 2012);
  • 10 Deire Fómhair: Untouchable (An Fhrainc 2011);
  • 17 Deire Fómhair: Lore (An Ghearmáin 2012);
  • 24 Deire Fómhair: An Dubh ina Gheal (Éire/Astráil 2013);
  • 31 Deire Fómhair: White Tiger (An Rúis 2012);
  • 07 Samhain: The Hunt (Danmhairg 2012);
  • 14 Samhain: Love (An Fhrainc/Ostair 2012);
  • 21 Samhain: Rust and Bone (An Fhrainc 2012);
  • 28 Samhain: Everybody Has a Plan (Airgintín 2012).
  • 05 Nollaig: Starbuck (Ceanada 2011).

Beidh níos mó eolais faoina scannáin, maraon le blaiseadh beag dóibh, le fáil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie nó is féidir glaoch ar Dan (087) 8168629 nó Donncha (086) 4048881.

Faigh ár nuachtlitir leis an gclár agus meabhrúchán faoi gach taispeántas.