Séraphine

Séraphine
Stiúr: Martin Provost
An Fhrainc 2008
125 nóiméad
Teastas: PG
Ní haon jóc é scannán a dhéanamh faoi shaol ealaíontóra. Bíonn a leithéid de scannán lán de chlichéanna agus de réamhthuairimí faoin meon cruthaitheach. Is mó fós iad má bhíonn meabhairghalar ar an ealaíontóir sin. Is é a bhíonn ann de ghnáth ná caint san aer agus scéalta gan dealramh, seachas aon léiriú ceart ar rún na hoibre.

Mar sin féin bíonn eisceachtaí ann. Sa chás seo, áitíonn Provost gur aislingeach ab ea Séraphine de Senlis. Ní shin a bheadh le rá ag na daoine eile a chónaíonn in Senlis. Agus an beagán á thuilleamh aici mar bhean tí agus mar neachtlannaí nuair a chastar orainn í, is ceap magaidh í Séraphine (Yolande Moreau) a bhfuil a bealach féin léi. Tá meon an linbh aici agus is dóigh léi go bhfuil na haingle á treorú.

An rún a bhaineann le Séraphine de Senlis — a fuair bás i dtigh na ngealt i 1942 agus a bhfuil a saothar le feiceáil sna dánlanna is fearr ar domhan — fágtar gan scrios ag deireadh an scannáin seo é. Seachas iarracht a dhéanamh Séraphine a mhíniú, is amhlaidh a nglacann an scannán léi mar a bhí.

A. Scott, The New York Times