An Ribín Bán

(Das weiße Band)

Stiúr: Michael Haneke
An Ostair / An Ghearmáin 2009
144 nóiméad
Teastas: 15A
Is buaic é An Ribín Bán sa turas a thosaigh do Haneke breis is fiche bliain ó shin nuair a rinne sé a chéad scannán, The Seventh Continent. Tá an scannán is déanaí seo lonnaithe i sráidbhaile beag feirmeoireachta i dtuaisceart na Gearmáine agus an Chéad Chogadh Domhanda ar tí briseadh amach. Scannánaíocht iontach dhubh agus bhán atá ann. Tá gné dhorcha ag an scannán nach gcuirtear os ár súile go follasach agus faighimid leidí air ó thús deireadh an scannáin.

Cé go bhféadfaí a rá go bhfuil an scannán ag fiosrú fhréamhacha an Naitsíochais, is mó ná sin amháin é. Dar le Haneke, fiosrú faoin sceimhlitheoireacht atá ann chomh maith leis an bhFaisisteachais. Ba chóir do chách an scannán seo a fheiceáil, scannán ina ndéantar scrúdú ar an gcaoi a n-éiríonn an foréigean neadaithe i ngan fhios i sochaí a bhfuil luachanna faoi leith aici.

Piers Handling, Féile Idirnáisiúnta Scannán Torontó

Buaiteoir – Palme D’Or, Féile Scannán Cannes 2009
Buaiteoir – Scannán na Bliana FIPRESCI, Féile Scannán Idirnáisiúnta San Sebastian 2009