Séasúr nua Scannán Domhanda

Séasúr An Earraigh 2023 Postaer thumb

Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda a fhógairt.

Tosófar leis an scannán iontach Official Competition ag 8.15i.n. ar an Déardaoin, 19 Eanáir.

Bí linn le sult a bhaint as scoth na scannán ó chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir. Is ionad iontach é Seanscoil Sailearna le scáileán mór, suíocháin srathacha agus córas fuaime d’ardchaighdeán.

Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille €35, a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille €8 in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat. Is féidir ticéid a cheannach anseo: https://www.clubscannan.ie/ga/ticeid

Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Séasúr An Earraigh 2023

Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:

  • 19 Eanáir: Official Competition
  • 26 Eanáir: Return to Dust
  • 02 Feabhra: Decision to Leave
  • 09 Feabhra: Utama
  • 16 Feabhra: Both Sides of the Blade
  • 23 Feabhra: The Gravedigger's Wife
  • 02 Márta: The Ordinaries
  • 09 Márta: Aisling Trí Néallaibh: Clouded Reveries
  • 16 Márta: No Bears
  • 23 Márta: Corsage
  • 30 Márta: Alcarràs
  • 06 Aibreán: Tori and Lokita