Viva thumb
Stiúr: Paddy Breathnach
Éire, Cúba 2015
100 nóiméad
Teastas: 15A
 

 

Is gruagaire é Jesus agus maireann sé ar an mbeagán. Tá a mháthair básaithe agus ní fhaca sé a athair ó bhí sé ina phutach. Éiríonn leis obair a fháil i gclub oíche ag tabhairt cúnaimh do bhanríonacha draig agus feiceann sé go bhféadfadh sé roinnt airgid a dhéanamh dó féin dá rachadh sé leis an ealaín sin. Tá go maith agus níl go holc go dtí go mbuaileann athair Jesus, Angel, isteach sa gclub oíche. Níl Angel ach scaoilte amach as an bpríosún go díreach agus bogann sé isteach san árasán beag atá ag Jesus. Is fear crua é Angel agus ní maith leis go bhfuil a mhac aerach. Spréachann sé uilig nuair a fheiceann sé ar stáitse é agus déanann sé ‘chuile iarracht seasamh roimhe. Cé nach dtiocfaidh clabhsúr an scannáin seo aniar aduaidh ar aon duine, fós féin rachaidh sé i bhfeidhm ar an lucht féachana.

Viva thumb
Viva thumb
Viva thumb
Viva thumb
VIVA thumb