(Io sono Li)

Shun Li and The Poet thumb
Stiúr: : Andrea Segre
An Iodáil 2011
100 nóiméad
Teastas: CLUB
 

 

Eascraíonn cairdeas idir beirt eachtrannach sa dráma seo atá lonnaithe san Iodáil. Tuismitheoir aonair í Shun Li a tháinig chun na hEorpa ag súil le saol níos fearr. Casann Bepi, deoraí ó Oirthear na hEorpa a bhfuil dúil aige sa bhfilíocht, uirthi. Éiríonn siad mór le chéile ach cuireann muintir na háite in iúl dóibh nach dtaitníonn a gcaidreamh leo, go háirithe mar gheall ar an amhras atá orthu faoi oidhreacht Shíneach na mná. Is cuntas truamhéileach agus fileata é seo ar chlaontacht agus ar chairdeas i dtír choimhthíoch.

Shun Li and The Poet thumb
Shun Li and The Poet thumb