Fágáil

(Partir)

Stiúr: Catherine Corsini
An Fhrainc 2009
90 nóiméad
Teastas: 16
Insíonn an scannán seo ceann de na scéalta is sine dár insíodh riamh agus bean phósta ag fágáil a céile i gcomhair duine eile. Ní hé an gnáth-thoradh atá ar an mbeart seo, áfach, nuair a dhéanann an fear tréigthe a sheacht ndícheall saol na beirte a scrios ó thaobh airgid de.

Glacann Scott Thomas páirt Suzanne, a bhí pósta ar feadh fiche bliain le dochtúir, Samuel (Yvan Attal) agus a bhfuil beirt leanaí fásta aici. Tá an chuma ar an scéal cheana féin nach bhfuil sí sona sásta; níl fúithi ná thairisti ach dul ar ais ag obair agus bíonn sí ar nós cuma liom go minic ag ócáidí teaghlaigh. Nuair a thagann an staic breá de Spáinneach seo (Sergi Lopez) chun an oifig a thógáil di ní fada in aon chor é nó go bhfuil scéal Lady Chatterley againn arís eile.

Tá a fhios againn nach mbeidh aon toradh rómhaith ar an scéal. Ag tús an scannáin leanaimid Suzanne agus í ag siúl ón leabaidh i lár na hoíche agus go tobann cloistear pléasc gunna agus iompaíonn an scáileán dorcha. Instear an scéal ansin ag tosú sé mhí roimhe sin agus braitear go bhfuil an scríbhneoir/stiúrthóir Catherine Corsini ag déanamh aithrise ar Claude Chabrol, ag tochailt i saol sóch an bourgeoisie le teacht ar an uisce broghach faoi thalamh.

Allan Hunter, Screen Daily