Oíche Chultúir 2010: An tÉireannach Fáin

Léirithe ag Mac Dara Ó Curraidhín
Éire
78 nóiméad
Scannán faisnéise faoi shaol agus faoi shaothar Robert Flaherty, an Gael-Meiriceánach a rinne Man of Aran siar sna tríochadaí, an scannán conspóideach faoin saol in Árainn ag an am. Ardaítear ceisteanna, ó shin, faoi obair scannánaíochta an Fhlathartaigh: an raibh sé ag cur an fhírinne as a riocht ina chuid scannán agus níos tromchúisí fós, an raibh sé ag cur beatha daoine i mbaol! Pléitear na ceisteanna seo agus tuilleadh sa chlár faisnéise nua seo atá déanta ag scannánadóir ón Spidéal, Mac Dara Ó Curraidhín.

Tá An tÉireannach Fáin á thaispeáint ag Club Scannán Sailearna i Seanscoil Sailearna ar an Aoine seo, 24 Meán Fómhair, ag tosnú ag 8.15, mar chuid de chlár Ghaeltachta an Oíche Cultúir. Beidh sé saor isteach ar an oíche, mar atá na imeachtaí ar fad a bhéas ar bun le linn Oíche Chultúir na hÉireann (www.ealain.ie).