(La Bataille d'Alger)

Stiúr: Gillo Pontecorvo
An Iodáil / An Ailgéir 1966
117 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Cuirfidh Bob Quinn an scannán seo i láthair na féile.

The Battle of Algiers, le Gillo Pontecorvo, ar cheann de na scannáin pholaitiúla is mó tionchar a rinneadh riamh. Léiriú athchruthaithe atá ann ar bhliain chinniúnach sna 1950í a chaith muintir na hAilgéire ag troid ar son a saoirse ó dhaorsmacht na Fraince. Ní fada go ngéaraíonn an foréigean ar an dá thaobh: feictear páistí óga ag caitheamh saighdiúirí, mná ag leagan buamaí i mbialanna agus na Francaigh i muinín na spídiúlachta le súil is go gcaillfidh na ceannarcaigh a misneach. Mar gheall ar an léiriú atá ann ar ionsaithe sceimhlitheoireachta agus ar na bealaí brúidiúla a gcuirtear faoi chois iad, d’fhéadfá a rá gur scannán eiseamláireach cogaíochta atá san iarracht seo. Stíl faisnéise atá sa scannán seo a rinneadh ar shráideanna Algiers agus, go deimhin, tá tour de force Pontecorvo chomh hábhartha inniu is a bhí sé riamh.