Caoineadh Airt Uí Laoghaire

Caoineadh Airt Uí Laoghaire - Eibhlín & Seán Bán
Stiúr: Bob Quinn
Éire 1975
52 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Tabharfaidh Jeannine Woods léargas ar na scannáin seo.

Daorsmacht coilíneach san 18ú haois agus saol comhaimseartha Chonamara is téama don léiriú seo. Is trí struchtúr an scannáin – cleachtadh do dhráma ina maraítear duine de na Géanna Fiáine a d’fhill ar Éirinn – a chuireann Quinn iallach orainn na tuiscintí atá againn faoi insintí staire a scrúdú. Tá an fhoireann aisteoirí, ar cainteoirí Gaeilge iad ar fad, faoi stiúir ag Béarlóir Gallda agus ní fada go measctar an t-am i láthair agus imeachtaí stairiúla an dráma le chéile. Tugann na haisteoirí, go háirithe fear Chonamara agus an té atá sa bpríomhpháirt, Seán Bán Breathnach, dúshlán na scripte Béarla agus ceistítear an léamh a bhíonn ag an strainséir ar imeachtaí stairiúla.

Caoineadh Airt Uí Laoghaire - John Arden
Caoineadh Airt Uí Laoghaire Caoineadh Airt Uí Laoghaire

 

Splanc Deireadh na Gaeltachta

Splanc Deireadh na Gaeltachta
Stiúr: Bob Quinn
Éire 2000
53 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Clár faisnéise faoi Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta a bunaíodh i 1969. Labharfaidh siad siúd a bhí gníomhach ag an am, Deasún Fennell, Seosamh Ó Cuaig, Joe Steve Ó Neachtain agus an tAire Bobby Molloy agus cuirfear dearcadh aos óg an lae inniu i láthair.

Splanc Deireadh na Gaeltachta 2