An Crann Líomóidí

Etz Limon (Lemon Tree)

Stiúr: Eran Riklis
An Ghearmáin / An Fhrainc / An Iosrael - 2008
106 nóiméad - Teastas: PG
Is léiriú iontach é An Crann Líomóidí ar chumas éachtach an duine scannán spéisiúil agus cliste a dhéanamh as ábhar atá i mbéal an phobail. Dráma ilghnéitheach atá ann bunaithe ar an deighilt idir an Phalaistín agus Iosrael atá lán d'íoróin, den fhéiltiúlacht, d'fhearg agus den soirbheachas.

Tá an scannán lonnaithe in Zur HaSharon, ar an teorainn idir Iosrael agus an Bruach Thiar, áit a bhfuil gort crann líomóidí, a chuir a hathair leathchéad bliain roimhe sin, ag baintreach dhathúil 45 bliana d’aois, Salma Zidane (Abbass), ó shráidbhaile Palaistíneach. Nuair a bheartaíonn Aire Cosanta nua Iosrael Navon (Doron Tavory) ar theach nua galánta a thógáil dó féin agus dá bhean chéile Mira (Rona Lipaz-Michael) - buailte ar ghort na líomóidí, ar thaobh Iosrael na claí - meastar gur baol slándála iad crainn líomóide Salma.

Is díol spéise é an caidreamh idir Mira agus Salma agus iad ag faire a chéile ar dhá thaobh na claí. Is iontach an léiriú a thugann Lipaz-Michael uaithi: Fearacht Abbass, ní théann sí thar fóir riamh leis an gcarachtar.

I ndeireadh na dála, áfach, is í Abbass an tugann an taispeántas is fearr dúinn sa scannán seo. Téann an chaint ghairid a thugann sí sa chúirt ag deireadh an scannáin go smior ionainn. - Derek Elley / Variety

Buaiteoir - Gradam an Lucht Féachana - Féile Scannán Idirnáisiúnta Bheirlín 2008