Scoth na Scannán Domhanda gach Déardaoin in Indreabhán

ClubScannan Séasúr An Fhómhair 2019 Postaer ardtaifigh thumb

Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, a fhógairt.

Taispeánfar scoth na scannán ó 'chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla 'chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir. Is ionad iontach é Seanscoil Sailearna le scáileán mór, suíocháin srathacha agus córas fuaime d’ardchaighdeán.

Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille € 35 (€ 30), a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille € 8 (€ 7) in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat.

Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:

  • 26 Meán Fómhair: Everybody Knows (An Spáinn, An Fhrainc, An Iodáil 2018)
  • 03 Deireadh Fómhair: The 12th Man (An Iorua 2017)
  • 10 Deireadh Fómhair: Foxtrot (An Ghearmáin, An Fhrainc, Iosrael, An Eilvéis 2017)
  • 17 Deireadh Fómhair: Sink or Swim (An Fhrainc 2018)
  • 24 Deireadh Fómhair: Cumar (Éire 2019)
  • 31 Deireadh Fómhair: Border (An tSualainn 2018)
  • 07 Samhain: Balloon (An Ghearmáin 2018)
  • 14 Samhain: Diego Maradona (An Ríocht Aontaithe 2019)
  • 21 Samhain: Woman at War (An Íoslainn, An Fhrainc, An Úcráin 2018)
  • 28 Samhain: Happy As Lazzaro (An Iodáil, An Eilvéis, An Fhrainc, An Ghearmáin 2018)
  • 05 Nollaig: Permission (Iaráin 2018)

Taispeánfar an chéad scannán sa tSeanscoil ag 8.15i.n. ar an Déardaoin, 26 Meán Fómhair.

pdfClub Scannan Séasúr An Fhómhair 2019 Postaer ardtaifigh8.6 MB