Scoth na Scannán Domhanda gach Déardaoin in Indreabhán

Séasúr An Earraigh 2019 Postaer ardtaifigh thumb

Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, a fhógairt.

Taispeánfar scoth na scannán ó 'chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla 'chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir. Is ionad iontach é Seanscoil Sailearna le scáileán mór, suíocháin srathacha agus córas fuaime d’ardchaighdeán.

Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille € 35 (€ 30), a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille € 8 (€ 7) in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat.

Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:

  • 24 Eanáir: C’est La Vie (An Fhrainc 2017)
  • 31 Eanáir: 1945 (An Ungáir 2017)
  • 07 Feabhra: Polina (An Fhrainc 2016)
  • 14 Feabhra: Cold War (An Pholainn, An Ríocht Aontaithe, An Fhrainc 2018)
  • 21 Feabhra: Just to Be Sure (An Fhrainc 2017)
  • 28 Feabhra: The Guilty (An Danmhairg 2018)
  • 07 Márta: The Guardians (An Fhrainc, An Eilvéis 2017)
  • 14 Márta: Black 47 (Éire 2018)
  • 21 Márta: Shoplifters (An tSeapáin 2018)
  • 28 Márta: The Captain (An Ghearmáin, An Fhrainc, An Pholainn 2017)
  • 04 Aibreán: Bergman – A Year in the Life (An tSualainn, An Iorua 2018)

pdfClub Scannan Séasúr An Earraigh 2019 Postaer ardtaifigh2.8 MB